Cuireann muid réimhse leathan seirbhísí ar fáil

Seo liosta de na seirbhísí atá ar fáil ar fud Dhún na nGall. Tá na seirbhísí seo saor in aisce nó fóirdheonaithe ag an chumann. Déan teagmháil leis an oifig le tuilleadh eolais a fháil.

Teiripe Urlabhra & Teanga (TUT)

Is gné ríthábhachtach den tsaol í an chumarsáid ach is dóiche go mbíonn moill sa réimse seo ag daoine a bhfuil siondróm Down orthu. Tá sé ríthábhachtach an idirghabháil cheart a bheith ann chun cuidiú lenár mbaill. Cuirimid TUT ar fáil do gach ball de gach aois. Clúdaímid contae Dhún na nGall ar fad faoi láthair agus tá an
tseirbhís seo á soláthar saor in aisce do gach ball.

Ceachtanna Snámha

Bíonn teannas matáin íseal acu siúd a bhfuil SD orthu agus is mó na rioscaí ionfhabhtú cliabhraigh a fháil. Is bealach iontach é an snámh chun cuidiú leis an chorp é seo a chomhrac. Cuirimid ceachtanna snámha príobháideacha ar fáil do gach ball cláraithe.

Teiripe Shaothair (TS)

Tá sé ríthábhachtach go mbeadh TS ar fáil do bhaill. Tá TS an-tairbheach i ngach céim den tsaol. Déanaimid gach seisiún TS a fhóirdheonú dár mbaill chláraithe.

Ranganna Yoga

Tá Ióga ar fáil ar líne do gach aois.

Grúpa Tuistí & Tachrán.

 Bíonn gníomhaíochtaí éagsúla ar siúl againn dírithe ar ár mbaill níos óige.

Nasc na dTuismitheoirí

Is líonra é seo do Thuismitheoirí teacht le chéile le haghaidh comhrá, ar an ghuthán nó duine le duine. Is é an córas tacaíochta is fearr ná tuismitheoirí ag tacú lena chéile. Tuigimid a chéile go hiomlán.

Cuairteanna Scoile

Is féidir linn a bheith ar fáil chun tacaíocht a sholáthar do scoileanna.

Fisiteiripe

Tá fisiteiripe ríthábhachtach chun ár gcumais a choinneáil. Déanaimid gach seisiún fisiteiripe go léir a fhóirdheonú dár mbaill chláraithe go léir. Tá an Ability Matters (clár aclaíochta 6+). Is clár spraíúil agus an-sóisialta é seo. Is áit é ina ndéanann ár mbaill caidrimh a fhorbairt agus cruthaítear go leor cairdeas eatarthu.

Clár scileanna saoil (do dhaoine fásta 18+)

Reáchtálann muid cúrsaí éagsúla i rith na bliana inár n-áitreabh féin inar féidir lenár mbaill scileanna a fhorbairt a fheabhsóidh a gcuid neamhspleáchais.

Litearthacht (do dhaoine fásta 18+)

Is rud ar leith é seo do gach rannpháirtí. B’fhéidir gur mhaith le baill scileanna a fheabhsú le dul níos faide san oideachas, b’fhéidir nach bhfuil ag teastáil ó dhaoine eile ach an léitheoireacht a fhoghlaim ionas go mbeidh siad in ann teacht ar a gcuid ceoil ar YouTube etc.

Ceachtanna Ceoil

Ceachtanna ceoil oscailte do gach ball

Ceachtanna rince

Bíonn ceachtanna rince ar siúl Déardaoin i Leitir Ceanainn faoi láthair gach Déardaoin

Ceachtanna Rothaíochta

Is féidir ranganna a eagrú ar fud an chontae má tá éileamh ann.

Seirbhís chomhairleoireachta

Dár mbaill agus dá dteaghlaigh. Ceithre chomhairleoir a chlúdaíonn an contae. Tá comhairleoirí againn ar fáil ní hamháin dár mbaill; tá siad ar fáil do gach ball den teaghlach

Tacaíocht Chomhairliúcháin Iompair

Oibrímid le saineolaithe chun cuidiú iompraíochtaí a athrú nuair a éiríonn siad dúshlánach.

Táimid ar fáil chun freastal ar chruinnithe le teaghlaigh ar scoil nó san FSS.

Frequently asked questions

For your convenience, here are some frequently asked questions from parents and our answers. If you have any other questions or concerns please feel free to contact us.

Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipiscing elit. Ut elit tellus, luctus nec ullamcorper mattis, pulvinar dapibus leo.